Ag Tosú Amach 2.0

Creat Náisiúnta um Oiliúint Ionduchtaithe d’Oibrithe Deonacha atá Páirteach i gCleachtas Oibre don Óige

Cad is Ag Tosú Amach 2.0 ann?

D’fhoilsigh Comhairle Náisiúnta na nÓg in Éirinn an creat bunaidh Ag Tosú Amach sa bhliain 2010. I ndiaidh athruithe suntasacha ar bheartas agus cleachtas na hoibre óige, tá athbhreithniú agus uasdátú déanta ar an gcreat oiliúna sa bhliain 2024.

Ag Tosú Amach – is sraith acmhainní é Ag Tosú Amach chun cabhrú leo siúd in eagraíochtaí Oibre Óige atá freagrach as ionduchtú agus athoiliúint a chur ar fáil do na hoibrithe óga ina gcuid seirbhíse.

Sa chreat oiliúna seo, soláthraítear ábhar molta do mhodúil/ghnéithe oiliúna d’oibrithe deonacha agus leagtar béim ar thorthaí foghlama seachas ar ábhar oiliúna caighdeánaithe nó saintreorach. Mar gheall air sin, éascaítear solúbthacht sa dearadh agus i soláthar a gclár oiliúna d’oibrithe deonacha d’eagraíochtaí oibre óige a úsáideann an acmhainn seo.

Tacaíonn an creat freisin le heagraíochtaí oibre óige chun aghaidh a thabhairt ar na croíphrionsabail sna Caighdeáin Cháilíochta Náisiúnta do Ghrúpaí faoi stiúir Oibrithe Deonacha.

Cé leis a bhaineann sé?

Tá Ag Tosú Amach 2.0 deartha do na daoine seo a leanas:

  • Baill foirne agus oibrithe deonacha in eagraíochtaí oibre óige atá freagrach as oiliúint a chur ar oibrithe deonacha nua agus tacú leo.
  • Oibrithe deonacha ar mian leo eolas a fháil ar ábhair chun tacú leo ina ról.

Cén fáth ar cheart Oiliúint d’Oibrithe Deonacha a chur ar fáil?

  • Tugtar deis leis an oiliúint ionduchtaithe don oibrí deonach nua machnamh a dhéanamh ar a spreagadh maidir le bheith ag obair le daoine óga agus tús a chur leis an bpróiseas foghlama faoi obair óige.
  • Éascaítear le hathoiliúint d’oibrithe deonacha forbairt scileanna agus saineolais nua.
  • Má infheistítear in oibrithe deonacha ón tús, bainfear luach saothair amach san fhadtéarma do dhaoine óga, do na hoibrithe deonacha iad féin, don eagraíocht óige agus don phobal i gcoitinne.

Conas an Clár seo a Úsáid

 

Ag Tosú Amach – is sraith acmhainní é Ag Tosú Amach chun cabhrú leo siúd in eagraíochtaí Oibre Óige atá freagrach as ionduchtú agus athoiliúint a chur ar fáil do na hoibrithe óga ina gcuid seirbhíse.

Tá na hacmhainní seo go léir deartha chun cabhrú agus tacú le hoiliúnóirí agus oibrithe deonacha rochtain a fháil ar eolas atá úsáideach agus cothrom le dáta maidir le hobair dheonach i gclub óige agus conas obair éifeachtach a dhéanamh le daoine óga.

An Lámhleabhar d’Oiliúnóirí

Sa lámhleabhar d’oiliúnóirí dár gcuid, tá bileoga eolais agus cleachtaí atáthar in ann a chur in oiriúint chun seisiú(i)n oiliúna ionduchtaithe a sholáthar d’oibrithe deonacha.

Nótaí Treorach

Is acmhainní sa bhreis iad ár Nótaí Treorach is féidir a íoslódáil a chuireann leis an lámhleabhar d’oiliúnóirí agus tá uirlisí idirghníomhacha ann chun tacú le do chuid oibre.

Acmhainní ar Líne

Is féidir leat féachaint ar mhodúil foghlama ar líne a thugann solúbthacht duit chun ábhair éagsúla a fhiosrú ar do luas féin.

Ag Tosú Amach 2.0
Lámhleabhar Cuimsitheach d’Oiliúnóirí

Creat Náisiúnta um Oiliúint Ionduchtaithe d’Oibrithe Deonacha atá Páirteach in Obair Óige

Is acmhainn luachmhar é an lámhleabhar seo d’oiliúnóirí atá ag obair le hoibrithe deonacha. Áirítear ann bileoga eolais agus cleachtaí praiticiúla chun cabhrú leat seisiúin oiliúna spreagúla a reáchtáil, a fhiosraíonn an méid seo a leanas:

  • An cineál eagraíochta atá i gceist (gné 1 agus 2)
  • Tuiscint ar phrionsabail agus ar chleachtas na hoibre óige (gné 3)
  • Tuiscint a fháil ar fhorbairt daoine óga agus an tábhacht a bhaineann le caidrimh agus rannpháirtíocht leis an teaghlach agus leis an bpobal (gné 4)
  • Saineolas ar stíleanna ceannaireachta, pleanáil cláir, obair foirne, scileanna cumarsáide agus éisteachta, obair ghrúpa (gné 5)

Tá Nótaí Treorach sa bhreis ar fáil sa chuid Foghlaim sa Bhreis thíos maidir le Club Óige Ionchuimsitheach a Chruthú, lena n-áirítear Ceartas Aeráide agus Obair Óige Dhomhanda, Meabhairshláinte agus Folláine, Daoine Óga atá Néara-Éagsúil, agus Daoine Óga LADTAI+.

Gné 1

Cé muid féin?
Component 1

Tuigfidh oibrithe deonacha an méid seo:

  • Cé muid féin mar eagraíocht?
  • Fís, misean agus luachanna na heagraíochta

Gné 2

Cad a dhéanaimid?
Component 2

Tuigfidh oibrithe deonacha an méid seo:

  • Struchtúr na heagraíochta
  • Na cláir agus na gníomhaíochtaí a chuireann sí ar fáil
  • Róil, cearta agus freagrachtaí na n-oibrithe deonacha
  • Suíomh an phobail

Gné 3

Cén fáth a ndéanaimid é?
Component 3

Tuigfidh oibrithe deonacha an méid seo:

  • Prionsabail agus cleachtas na hoibre óige
  • Na torthaí ón bpróiseas oibre óige do dhaoine óga, d’oibrithe deonacha, don eagraíocht agus don phobal i gcoitinne

Gné 4

Cé dó a bhfuil sé agus cé leis a ndéantar é?
Component 4

Tuigfidh oibrithe deonacha an méid seo:

  • Forbairtí san ógántacht agus sa luath-aosacht
  • An tábhacht a bhaineann le caidrimh a chothú le daoine óga
  • An tábhacht a bhaineann le teagmháil a dhéanamh le tuismitheoirí
  • An tábhacht a bhaineann le teorainneacha cuí i gcaidrimh idir oibrithe deonacha agus daoine óga

Gné 5

Cén dóigh a ndéanaimid é?
Component 5

Tuigfidh oibrithe deonacha an méid seo:

  • Rannpháirtíocht na nÓg
  • Bun-phleanáil cláir
  • Obair ghrúpa agus obair foirne
  • Measúnú riosca a dhéanamh
  • Scileanna cumarsáide
  • Conas conradh grúpa a fhorbairt le daoine óga
  • Conas iompraíocht dhúshlánach a aithint agus aghaidh a thabhairt uirthi

Nótaí Treorach agus
Acmhainní ar Líne

Cuireann na Nótaí Treorach leis an Lámhleabhar d’Oiliúnóirí. Cuirtear léargas ginearálta ar fáil le gach Nóta Treorach ar réimse a bhaineann le hobair óige, cuireann sé cleachtaí samplacha ar fáil, chomh maith le heolas faoi acmhainní sa bhreis agus oiliúint ar líne. Féach thart chun tuilleadh eolais a fháil!

Treoir maidir le
Club Óige Ionchuimsitheach a Chruthú

Treoir maidir le
Ceartas Aeráide agus Obair Óige Dhomhanda

Treoir maidir le
Meabhairshláinte agus Folláine a Chur Chun Cinn

Treoir maidir le
Obair a dhéanamh le Daoine Óga
Atá Néara-Éagsúil

Treoir maidir le
Obair a dhéanamh le Daoine Óga LADTAI+

Treoir maidir le
Ceartas Aeráide ÉICI-EOECNA